Ready or Not 2: Here I Come

💀💀.5 | Scríofa 23 Meitheamh, 2026 le Seosamh O'Cuirc

Tháinig Ready or Not 2 amach sa bhliain 2026. Is é an dara scannán sa tsraith Ready or Not é.
Tá sé faoi Grace (Samara Weaving). Ba bhrídeach í, agus is í an t-aon duine atá fós beo tar éis
cluiche marfach lena muintir chéile. Tugadh í féin agus a deirfiúr le chéile arís san ospidéal tar éis
blianta. Ar an drochuair, níl na cluichí thart fós, agus caithfidh sí teacht slán arís lena deirfiúr
i gcoinne ceithre chlann shaibhir sa chluiche folaigh bíog arís.Doirteadh go leor fola sa scannán,
agus bhí sé spraíúil ar fad. Caithfidh mé a rá, áfach, go raibh an scéal saghas amaideach i gcúpla
páirt. Rud amháin eile, i mo thuairim, ní raibh aon ghá leis an scannán sin a dhéanamh.
Bhí an chéad scannán i bhfad níos fearr agus chríochnaigh sé go foirfe. Níor bhain an scannán seo aon rud
den chéad scannán, ach bhí sé neamhriachtanach ar fad.
Eolas níos mó ar Vicipéid anseo

TEIGH ABHAILE AR AIS Tabhair dom mioltaí nó teachtaireachtaí