💀💀💀 | Scríofa 17 Meitheamh, 2026 le Seosamh O'Cuirc
Tháinig Hokum amach i 2026 ⁊ bhí sé an tríur scannán a rinne Damien McCarthy (Caveat (2020) ⁊ Oddity (2024)).
Tá sé faoi Ohm Bauman (Adam Scott), scríobhneoir Meiriceánach buartha a théann go dtí ostán iargúlta in Éirinn chun luaithreacha a thuismitheoirí a chur i dtalamh.
Meascann an scannán uafás bhéaloidis (folk-horror) agus ráthóga atmaisféarach,
le béim ar béaloideas Éireannacha agus ar cailleach a bhíonn ag crá an áit.
Bhain mé taitneamh as an atmaisféar scanrúil a bhí ann i rith an scannáin, chomh maith leis na téamaí faoin
mbéaloideas ⁊ an miotaseolaíocht na hÉirinn. Bhí cúpla focal ann freisin!
Is é an príomhcharachtar an rud is measa den scannán. Tá sé chomh dofhulaingthe, ach ní raibh fadhb ar bith
le Adam Scott mar aisteoir, bhí an fadhb díreach leis an gcarachtar ⁊ an tsli a bhí sé scríofa.
Bhí cúpla scanrú deas ann, áfach, agus cúpla gáire freisin.
Ní raibh sé níos fearr ná Oddity nó Hokum, ach is fiú féachaint air fós.
Eolas níos mó ar Vicipéid anseo