UNDERTONE

💀💀💀💀 | Scríofa 30 Iúil, 2026 le Seosamh O'Cuirc

Tháinig Undertone amach sa bhliain 2025 agus bhí sé scríofa agus stiúrtha ag Ian Tuason.

Baineann sé le hEvy (Nina Kiri), óstach ar phodchraoladh paranormálta lena cara, Justin (Adam Di Marco).
Is sceipteach í faoi na rudaí paranormálta ach creideann Justin i rudaí mar sin. Bhog sí abhaile le bheith ina cúramóir dá máthair, atá ag saothrú an bháis.

Fuair Evy agus Justin ríomhphost ó chuntas mistéireach le taifeadadh de lánúin phósta agus iad ag éisteacht le rudaí paranormálta
i rith na hoíche.

Ní raibh sé chomh scanrúil le scannáin eile a d'fhéach mé orthu i mbliana, ach bhí an-strus orm tríd is tríd.
Úsáideann an scannán na fuaimeanna go han-mhaith (ba é sin an príomhghné dhíolacháin) agus níl aon léim-scanradh ann ach amháin cúpla fuaim ard.

Dá mbeifeá ag féachaint ar an scannán seo, bheadh ort aird a thabhairt air. Ní scannán é don "Oíche Scannán" le grúpa mór nó le cur sa chúlra agus tú ag scrolláil ar do ghuthán.

Bhain mé taitneamh as an scannán. Bhí sé beagán difriúil agus bhí scéal suimiúil aige freisin.

Eolas eile:

Maruithe: 0 (ach fuair 4 dhuine bás)
Fuilteachas: 💀
An bhfaigheann an madra bás?: Níl madra atá ann

Eolas níos mó ar Vicipéid anseo

TEIGH ABHAILE AR AIS Tabhair dom mioltaí nó teachtaireachtaí