OBSESSION

💀💀💀💀💀 | Scríofa 2 Iúil, 2026 le Seosamh O'Cuirc

AN CHÉAD 5/5 AR AN SUÍOMH SEO!!!
Tháinig Obsession amach sa bhliain 2025 agus bhí sé scríofa agus stiúrtha ag Curry Baker. Baineann sé le Bear (Michael Johnston), fostaí i siopa ceoil, a bhfuil bréagán osnádúrtha ceannaithe aige. Leis an mbréagán sin, tá sé ag guí go dtitfidh a chara Nikki (Inde Navarrette) i ngrá leis. Ar an drochuair, níor tharla a mhian mar a theastaigh uaidh.

Is sampla eile é an scannán seo den chúis go bhfuil gá le deiseanna níos mó a thabhairt do scríbhneoirí agus do stiúrthóirí nua agus beaga le scannáin uafáis a dhéanamh. Cosúil le Backrooms (ag Kane Parsons), thosaigh Curry Baker ar YouTube ag déanamh físeáin aisteacha ar a chainéal. Fuair sé an seans ó an léiritheoir James Harris don scannán seo a scannánú mar rinne sé jab iontach leis an gcéad scannán uile uaidh, "Milk & Serial", ar a chainéal sa bhliain 2024.

Tá sé ar chos in airde ó thús go deireadh. Bhí mé faoi sceitimíní le linn an scannáin ar fad agus níorbh fhéidir liom mo shúile a bhaint den scáileán. B'fhéidir go bhfuil claonadh na n-imeachtaí déanacha i gceist anseo (recency bias), ach mothaím go bhfuil an scannán seo i mo liosta den 10 scannán uafais is fearr. Is trua mhór é nár chonaic mé sa phictiúrlann é, ach táim fíorshásta go bhfaca mé é. Cuir ar do liosta inné é.

Eolas níos mó ar Vicipéid anseo

TEIGH ABHAILE AR AIS Tabhair dom mioltaí nó teachtaireachtaí