💀💀.5 | Scríofa 15 Iúil, 2026 le Seosamh O'Cuirc
Tháinig Evil Dead Burn amach sa bhliain 2026 agus ba é an 6ú scannán
sa tsraith "Evil Dead" é, agus an 3ú ceann sa tsraith nua-aimseartha
(tar éis Evil Dead (2013) agus Evil Dead Rise (2023)).
Ba é Sébastien Vaniček a stiúraigh é agus ba iad Rob Tapert agus Sam
Raimi a léirigh é.
Is scéal é faoi Alice (Souheila Yacoub) agus a cleamhnaí tar éis bhás a
fir chéile.
Téann siad go dtí seanteach faoin tuath tar éis na sochraide, ach tá
rud éigin mícheart lena hathair céile.
Táim fós idir dhá thine bhealtaine faoin scannán seo.
Ní raibh mé sásta leis an scéal ar fad agus bhí cúpla radharc aisteach
ann chomh maith, mar aon leis an tslí ar scannánaíodh é. Níor
mhothaigh sé mar scannán "Evil Dead" ar leath an ama agus níor thit mé
i ngrá leis na carachtair ach an oiread.
Caithfidh mé a rá go raibh sé spraíúil, áfach, agus bhain mé taitneamh
as an taithí sa phictiúrlann. Bhí na maruithe an-mhaith (mar a bheifí
ag súil leis i scannán Evil Dead) agus bhí an foréigean an-fhuilteach.
É sin ráite, ba é an scannán Evil Dead nua-aimseartha ba lú
fuilteachas sa tsraith é.
Táim fós ag tnúth go mór le Evil Dead Wrath (2028), ach tá beagán imní
orm anois go mbeidh sé níos measa ná an ceann seo.
Tharla an rud céanna dom cúpla bliain ó shin le Halloween Kills agus
Halloween Ends, agus táim fós cráite faoi sin.
Eolas eile:
Maruithe: 9
Fuilteachas: 💀💀💀💀
An bhfaigheann an madra bás?: Faigheann ☹️
Eolas níos mó
ar Vicipéid anseo