💀💀 | Scríofa 8 Iúil, 2026 le Seosamh O'Cuirc
Tháinig An Taibhse amach sa bhliain 2024. Ba é Jim Sheridan a léirigh é agus ba é John Farrelly a stiúraigh é.
Is scéal é faoi Mháire (Livvy Hill)
agus a hathair, Éamon (Tom Kerrisk). Oibríonn siad mar chúramóirí, nó mar fheighlithe geimhridh, i dteach mór Seoirseach i rith dhorchadas an gheimhridh.
Ach scaoiltear tromluí osnádúrtha ina dtreo nuair a dhúisíonn fórsa mailíseach taobh istigh de bhallaí an tí mhóir agus nuair a nochtar arís rúin dhorcha
ón am atá thart. Is é an chéad scannán uafáis lán-Ghaeilge é. Ní raibh ach €3,000 mar bhuiséad don scannán. Ar an drochuair, tá sé sin soiléir.
Bhí mé ag lorg an scannáin seo le blianta, ach ní raibh sé ar fáil ar aon suíomh gréasáin ná in aon phictiúrlann in aice liom. Chuir Sky an scannán seo
ar an Sky Store faoi dheireadh (agus b’ionann €11 agus an praghas a bhí air).
Nuair a thosaigh mé ag féachaint air, bhí díomá mhór orm mar bhí eagarthóireacht na físe agus na fuaime chomh dona sin. Buíochas le Dia, bhí an scéal sách
suimiúil agus shábháil sé cúpla pointe ar an scála. Bhí cúpla scanradh deas ann agus bhí faitíos orm le linn roinnt radharcanna.
Ag an am céanna, bhí cúpla radharc amaideach ann freisin, agus bhí mé ag féachaint ar cé mhéad nóiméad a bhí fágtha go dtí an deireadh. An pointe ba mheasa,
áfach, ná an Ghaeilge. Ní raibh Gaeilge ar bith ag Livvy Hill roimh an scannán, mar sin bhí sí ag foghlaim na teanga agus na fuaimní de réir na scripte.
Bhí go leor chuimhneacháin ann le fuaimniú mícheart agus le caint mhíchompordach.
Táim sásta go raibh sé déanta ach ná bí ag rith a bheith ag féachaint air.
Eolas níos mó ar Vicipéid anseo